-
Cúrsaí
Cúrsaí
Tá roghnú cúrsa léinn ar cheann de na cinntí is tábhachtaí dá ndéanfaidh tú choíche! Féach na cúrsaí atá againn anseo agus an méid a deir mic léinn agus léachtóirí faoi na cúrsaí sin a bhfuil spéis agatsa iontu.
-
Saol na hOllscoile
Saol na hOllscoile
Chuile bhliain roghnaíonn os cionn 4,000 duine Ollscoil na Gaillimhe mar chéad rogha. Faigh amach faoin saol in Ollscoil na Gaillimhe anseo.
-
Eolas Fúinn
Eolas faoi Ollscoil na Gaillimhe
Bí ar an eolas faoin Ollscoil seo agus na fáthanna a bhfuil sí chomh speisialta sin – an stair thar a bheith spéisiúil a bhaineann leis an Ollscoil agus an nuacht is déanaí agus na hócáidí atá ar na bacáin.
-
Coláistí & Scoileanna
- Scoil na Tíreolaíochta, na Seandálaíochta agus Léann Éireannaigh
- Coláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí & an Dlí
- Coláiste an Leighis, an Altranais & na nEolaíochtaí Sláinte
- Coláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta
- Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr
- Roinn na Gaeilge
- An tAcadamh
- Stair
- Idirnáisiúnta
Coláistí & Scoileanna
Tá aitheantas idirnáisiúnta bainte amach ag Ollscoil na Gaillimhe mar ollscoil atá á treorú ag an taighde agus rún daingean aici teagasc den chéad scoth a chur ar fáil i réimsí éagsúla saineolais.
-
Taighde
Nithe Fónta á gCruthú as Smaointe Úra
Tugann ár dtaighdeoirí aghaidh ar chuid de na dúshláin is práinní san 21ú Céad.
-
Gnó & Tionscal
Tacaíocht do Thaighde Úrnua in Ollscoil na Gaillimhe
Déanaimid deiseanna tráchtála a chuardach agus a chothú don phobal taighde in Ollscoil na Gaillimhe, mar aon le comhpháirtíocht tionsclaíochta a chothú.
-
Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Tá os cionn 90,000 céimí de chuid Ollscoil na Gaillimhe ann ar fud an domhain. Déan nasc linn agus beidh teacht agat ar an gcomhphobal sin ar líne.
-
Rannpháirtíocht Pobail
Rannpháirtíocht sa Phobal
In Ollscoil na Gaillimhe, creidimid go n-éireoidh níos fearr leat más féidir leat an méid a fhoghlaimíonn tú a chur i bhfeidhm i do shaol féin. Is mar gheall air sin go bhfuil béim mhór ar shocrúcháin oibre nó ar thionscadail phobail i gcuid mhór dár gcúrsaí.
Scéim Ríomhaireachta na Foirne Acadúla
Scéim Ríomhaireachta na Foirne Acadúla
Céard í Scéim Ríomhaireachta na Foirne Acadúla?
Tá comhaltaí foirne acadúla nua atá ar chonarthaí buana nó conarthaí trí bliana nó níos faide i dteideal ríomhaire nua a cheannach faoin scéim seo atá á riaradh ag Oifig an Sparánaí. Ceadaítear ríomhairí nua ar luach iomlán €1,200 ar a mhéid, CBL san áireamh. Tabhair faoi deara go ríomhtar an liúntas seo ar bhonn pro rata bunaithe ar % FTE. Tá comhaltaí foirne reatha a bhfuil ríomhaire acu le cúig bliana nó níos faide i dteideal na scéime chomh maith.
Conas a oibríonn Scéim Ríomhaireachta na Foirne Acadúla do chomhaltaí foirne nua?
- Cuirfidh an Oifig Acmhainní Daonna scéal chuig Réitigh & Seirbhísí Faisnéise maidir le ceapacháin nua atá i dteideal na scéime.
- Seolfaidh Réitigh & Seirbhísí Faisnéise nasc chuig an bhFoirm Iarratais ar Scéim Ríomhaireachta na Foirne Acadúla chuig an gcomhalta nua foirne ina dhiaidh sin. Tá an fhoirm seo le líonadh ar líne agus sonraítear ann an cineál ríomhaire a bheidh ag teastáil. Tá cuntas Office 365 de chuid Ollscoil na Gaillimhe de dhíth chun an fhoirm iarratais a líonadh.
- Ar leagan isteach an fhoirm iarratais, cruthófar ticéad go huathoibríoch i gCóras Ticéad Dheasc Freastail ISS, agus cuirfear sonraí an ticéid sin ar aghaidh chuig an gcomhalta foirne ar ríomhphost.
- Déanfaidh Réitigh & Seirbhísí Faisnéise (ISS) an ríomhaire a ordú agus socrófar gnáthbhogearraí ríomhaire deisce (i.e. Microsoft Office, SPSS, brabhsálaí idirlín agus bogearra ríomhphoist) air roimh ré. Tabhair faoi deara: ISS amháin atá in ann orduithe faoin Scéim Ríomhaireachta do Chomhaltaí Foirne Acadúla a phróiseáil.
- Seolfar an ríomhaire le cúiréir díreach chuig oifig an chomhalta foirne. Ba cheart don chomhalta foirne teagmháil a dhéanamh leis an Deasc Freastail á chur in iúl dóibh go bhfuarthas an ríomhaire agus uimhir an ticéid á lua. Cuir ISS ar an eolas nuair a fhaightear an ríomhaire, le do thoil, ar mhaithe le GRN.
- Moltar don chomhalta foirne an ríomhaire a thógáil as an bpacáistíocht agus é a chur le chéile ar an deasc nó cibé áit is mian leat é a lonnú.
- Cuirfear teicneoir ag obair ar an ticéad agus déanfaidh siadsan teagmháil leis an úsáideoir chun an chumraíocht deiridh a eagrú.
Conas a oibríonn Scéim Ríomhaireachta na Foirne Acadúla do chomhaltaí foirne reatha?
Téann an comhalta foirne acadúil i dteagmháil leis an teagmhálaí cuí sa Choláiste/sa Scoil ábhartha (féach na naisc a leanas) chun cead scríofa a fháil uathu le bheith páirteach sa scéim.
Scoil an Ghnó & na hEacnamaíochta - Éilis O'Regan
Scoil an Dlí - Michelle Lantry
Coláiste Ósta na Sionna - Tracy Hegarty
Coláiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta agus an Léinn Cheiltigh - Deirdre Finan
Coláiste an Leighis, an Altranais agus na nEolaíochtaí Sláinte
- Scoil na nEolaíochtaí Sláinte schoolofhealthsciences@universityofgalway.ie
-
Scoil an Altranais & Cnáimhseachas kay.harvey@universityofgalway.ie
-
Scoil an Leighis - click here for further information
Scoil na nEolaíochtaí Matamaitice agus Staitistice - Aisling McCluskey
Scoil na nEolaíochtaí Bitheacha agus Ceimiceacha - Padraig Hynes
Scoil na nEolaíochtaí Nádúrtha - Siobhán Gaughan
Scoil na hInnealtóireachta - Edward Jones
Scoil na Ríomheolaíochta - Michael Madden
- I ndiaidh don chomhalta foirne cead a fháil le bheith páirteach sa scéim, líonann siad an Fhoirm Iarratais ar Scéim Ríomhaireachta na Foirne Acadúla ar líne, ina sonraítear an cineál ríomhaire a bheidh ag teastáil. Tá cuntas Office 365 de chuid Ollscoil na Gaillimhe de dhíth chun an fhoirm iarratais a líonadh.
- Déanfaidh Réitigh & Seirbhísí Faisnéise (ISS) an ríomhaire a ordú agus socrófar gnáthbhogearraí ríomhaire deisce (i.e. Microsoft Office, SPSS, brabhsálaí idirlín agus bogearra ríomhphoist) air roimh ré. Tabhair faoi deara: ISS amháin atá in ann orduithe faoin Scéim Ríomhaireachta do Chomhaltaí Foirne Acadúla a phróiseáil.
- Cruthófar ticéad go huathoibríoch i gCóras Ticéad Dheasc Freastail ISS, agus cuirfear sonraí an ticéid sin ar aghaidh chuig an gcomhalta foirne ar ríomhphost.
- Seolfar an ríomhaire le cúiréir díreach chuig oifig an chomhalta foirne. Ba cheart don chomhalta foirne teagmháil a dhéanamh leis an Deasc Freastailá chur in iúl dóibh go bhfuarthas an ríomhaire agus uimhir an ticéid a lua.
- Moltar don chomhalta foirne an ríomhaire a thógáil as an bpacáistíocht agus é a chur le chéile ar an deasc nó cibé áit is mian leat é a lonnú.
- Cuirfear teicneoir ag obair ar an ticéad agus déanfaidh siadsan teagmháil leis an úsáideoir chun an chumraíocht deiridh a eagrú.
Tabhair faoi deara: Is é an comhalta foirne atá freagrach as cóip chúltaca a dhéanamh d’aon sonraí riachtanacha atá ar an seanríomhaire acu agus iad a aistriú go dtí an ríomhaire nua.
Conas a fhaighim amach an bhfuilim incháilithe do ríomhaire nua faoin scéim?
(a) Tá gach comhalta foirne acadúil nua incháilithe don scéim seo.
Tá gach comhalta foirne acadúil nua, a bhfuil conradh trí bliana ar a laghad acu, incháilithe don scéim seo.
(b) Athnuachaintí
Ní mór don ríomhaire reatha a bheith 5 bliana nó níos sine le bheith incháilithe d’athnuachan faoin scéim seo. I gcásanna áirithe, féadfaidh an Coláiste/an Scoil iarradh ar Réitigh & Seirbhísí Faisnéise incháilitheacht an ríomhaire a mheas. Ba chóir don chomhalta foirne acadúil ríomhphost a sheoladh chuig an teagmhálaí cuí (féach na naisc thíos) ag lorg cead scríofa chun leas a bhaint as an scéim.
Scoil an Ghnó & na hEacnamaíochta - Éilis O'Regan
Scoil an Dlí - Michelle Lantry
Coláiste Ósta na Sionna - Tracy Hegarty
Coláiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta agus an Léinn Cheiltigh - Deirdre Finan
Coláiste an Leighis, an Altranais agus na nEolaíochtaí Sláinte
- Scoil na nEolaíochtaí Sláinte schoolofhealthsciences@universityofgalway.ie
-
Scoil an Altranais & Cnáimhseachas kay.harvey@universityofgalway.ie
-
Scoil an Leighis - click here for further information
Scoil na nEolaíochtaí Matamaitice agus Staitistice - Aisling McCluskey
Scoil na nEolaíochtaí Bitheacha agus Ceimiceacha - Padraig Hynes
Scoil na nEolaíochtaí Nádúrtha - Siobhán Gaughan
Scoil na hInnealtóireachta - Edward Jones
Scoil na Ríomheolaíochta - Michael Madden
Cén cineál ríomhaire is féidir liom a fháil faoin scéim?
Ceapadh Scéim Ríomhaireachta na Foirne Acadúla do cheannach gléasanna deisce amháin. I measc na múnlaí a áirítear leis seo tá réimsí Optiplex agus Latitude de chuid Dell, agus MacBook Air, MacBook Pro, MacBook Mini agus iMac de chuid Apple.
Tá sonraí na múnlaí éagsúla seo ar fáil anseo.
An féidir liom ríomhaire saincheaptha a ordú, nó crua-earraí breise?
Is féidir. Tá tú in ann aon oiriúnuithe nó crua-earraí breise atá de dhíth a lua ar an bhfoirm a leagtar isteach ar líne chuig Réitigh & Seirbhísí Faisnéise. Tabhair faoi deara go gcaithfidh tú trealamh atá tacaithe ag Scéim Ríomhaireachta na Foirne Acadúla a roghnú.
Tabhair faoi deara, má theastaíonn ó chomhalta foirne aon ghné bhreise a chur le ríomhaire a dhéanfaidh níos costasaí é ná ríomhaire ar ghnáthshonraíocht (€1,200 CBL san áireamh) caithfidh Cuntas Athfhillteach na Roinne lena mbaineann an comhalta foirne an costas breise seo a chlúdach.
An ceadmhach dom mo ríomhaire féin a ordú go díreach ón soláthraí faoin scéim seo?
Níl cead agat ríomhaire a ordú go díreach ó láithreán gréasáin an tsoláthraithe, ach is féidir teagmháil a dhéanamh lenár mbainisteoirí cuntais agus luachan a fháil ar ghnéithe breise is féidir a chur le gnáthmhúnlaí. Ní mór aon ríomhairí a cheannaítear faoin scéim seo a ordú trí Réitigh & Seirbhísí Faisnéise.
Cá fhad a thógfaidh sé ríomhaire nua a fháil faoin scéim?
Má ordaíonn tú gnáthríomhaire (i.e. gan aon oiriúnuithe ná crua-earraí breise), meastar go seachadfar é trí seachtaine ó chuireann Réitigh & Seirbhísí Faisnéise an t-ordú isteach.