Intensive Irish Language Course for Adults

(Leagan Gaeilge Thíos)

Weekly Course
Tuition Fee: €320
Level A1 (Beginners) on the Common European Framework

Course: 19/05/2025 - 23/05/2025

This course is suitable for students who have no prior knowledge of the language. The mission of this course is to give students a basic knowledge and understanding of Irish. Through this course, the students’ communicative skills will be developed to enable them to interact in Irish in a range of basic everyday situations

Irish is used for every aspect of the course including teaching, social events, accommodation etc. to ensure that the students get the most out of their stay with us.

To secure a place on the course, an application form must be completed and the tuition fee (non-refundable*) must be paid:

by 18/04/2025 for Course (19/05/2025 - 23/05/2025)

You can call the office (Monday to Friday) with your credit/debit card details to make the payment by phone at 091-494656 9.30-4pm.

* University of Galway reserves the right to cancel any course due to lack of demand. The fees will be refunded in that case.

Accommodation
If you require accommodation, full accommodation (breakfast, lunch to take to the centre, 3 course dinner) is available in private homes in the area, with Irish speaking families. Participants are given a great opportunity to enrich, acquire and maintain the language, and many people become fluent in this way.

Accommodation Fee:

€240.00: Sharing a room (with one other participant)

€350.00: Single Room

From Sunday night (including supper) until Friday evening (lunch included).
Cost of accommodation to be paid to the Bean an Tí.

Participants are responsible for making their own way to Carna/guesthouse and are responsible for travelling to and from the classes/events each day during the course.

To register
You can click here to register: https://forms.office.com/e/yaVj5fkCNf
(Course dates: 19/05/2025 - 23/05/2025)

Further information:
T: +353 91 494656
R: carna@ollscoilnagaillimhe.ie

Where are we located?
An tAcadamh, Carna, is located in Ireland's most famous area for sean-nós singing. There are therefore unique opportunities here to acquire and enrich the Irish language in a natural linguistic environment where the Irish tradition is passed down from generation to generation.  Carna is a strong Gaeltacht area and our participants have the opportunity to practise everything they have formally learned in class naturally in a Gaeltacht setting.

Who is this course focused on?
The aim of the course is to give a basic knowledge and understanding of Irish to students who have no prior knowledge of the language. 

People at A1 level on the Common European Framework. Information on the different levels of the Common Framework can be found at this link: Microsoft Word - Self-assessment grid.doc

Course objectives
To give participants an insight into the diversity of Irish language life in terms of language, literature, heritage and culture.  To foster understanding and confidence in the use of Irish in both speaking and writing. To create opportunities for them to derive personal satisfaction using their knowledge of Irish in the heart of the Gaeltacht.

The Teaching Approach
The communicative approach is used in the classes and priority is given to the language requirement of the participants. The emphasis is on pair and group work, interactive content and engagement.  Grammar is taught as needed and generally in context.

Examples of extra-curricular activities 

An example of what might be offered during the course -

  • Heritage tour
  • Table Quiz
  • Set Dance/Céilí
  • Nature Walk
  • Treasure Hunt
  • Singing Workshop

Dianchúrsa Gaeilge do Dhaoine Fásta

Cúrsa Seachtaine
Táille Theagaisc: €320

Léibheál  A1 ar an gComhchreat Eorpach.

  • Cúrsa: 19/05/2025 - 23/05/2025

 Tá an cúrsa seo oiriúnach do mhic léinn nach bhfuil aon réamheolas acu ar an teanga. Is é misean an chúrsa seo ná eolas agus tuiscint bhunúsach a thabhairt don mhac léinn ar an nGaeilge. Tríd an gcúrsa seo, forbrófar scileanna cumarsáide na mac léinn chun cur ar a gcumas idirghníomhú trí Ghaeilge i réimse suíomhanna bunúsacha laethúla.

Is í an Ghaeilge teanga an chúrsa, teagasc, ócáidí sóisialta agus lóistín san áireamh.  Déantar é seo le deimhniú go mbainfidh na rannpháiritithe an tairbhe is fearr as an tréimhse a chaitheann siad linn.

Le háit a chinntiú ar an gcúrsa, ní mór foirm iarratais a chomhlánú mar aon leis an táille theagaisc (neamh-in-aisíoctha*) a íoc:

  • faoin 18/04/2025 do Chúrsa (19/05/2025 - 23/05/2025) 

Is féidir leat glaoch ar an oifig (Luan go hAoine) le sonraí do chárta creidmheasa/dochair leis an íocaíocht a dhéanamh ar an bhfón ag  091-494656 Lua-Aoi 9.30-4i.n.

* Tá sé de cheart ag Ollscoil na Gaillimhe aon chúrsa a chur ar ceal de bharr easpa éilimh. Aisíocfar na táillí sa chás sin.

Lóistín
Má tá lóistín uait cuirtear lóistín iomlán (bricfeasta, lón le tabhairt leat chuig an ionad, dinnéar 3 chúrsa) ar fáil i dtithe príobháideacha an cheantair, le teaghlaigh a labhraíonn Gaeilge. Tugtar an-deis do na rannpháirtithe an teanga a shaibhriú, a shealbhú agus a bhuanú, agus éiríonn le go leor daoine líofacht a bhaint amach ar an gcaoi seo.

Táille Lóistín:

  • €240.00: Ag roinnt seomra (le rannpháirtí amháin eile)
  • €350.00: Seomra Singil

Ó oíche Dhomhnaigh (an suipéar san áireamh) go dtí tráthnóna Aoine (an lón san áireamh).
Costas lóistín le híoc le Bean an Tí.

Tá na rannpháirtithe freagrach as a mbealach féin a dhéanamh go dtí Carna/teach lóistín agus is iad atá freagrach as taisteal chuig agus ó na ranganna/imeachtaí gach lá le linn an chúrsa.

Le clárú
Is féidir cliceáil anseo le clárú:
https://forms.office.com/e/yaVj5fkCNf
(Dátaí an Chúrsa:  19/05/2025 - 23/05/2025)

Tuilleadh eolais:
T: +353 91 494656
R: carna@ollscoilnagaillimhe.ie

Cá bhfuilimid lonnaithe?
Tá Ionad an Acadaimh, Carna, suite sa cheantar is mó clú agus cáil in Éirinn ó thaobh na hamhránaíochta ar an sean-nós de. Tá deiseanna ar leith anseo dá bhrí sin an Ghaeilge a shealbhú agus a shaibhriú i dtimpeallacht nádúrtha teanga ina bhfuil an traidisiún Gaelach á roinnt ó ghlúin go glúin.  Is ceantar láidir Gaeltachta é Carna agus bíonn deis ag ár rannpháirtithe gach a bhfuil foghlamtha go foirmiúil acu sa rang a chleachtadh go nádúrtha i suíomh Gaeltachta.

Cé air a bhfuil an cúrsa dírithe?
Tá an cúrsa seo oiriúnach do mhic léinn nach bhfuil aon réamheolas acu ar an teanga. Daoine atá ag leibhéal A2 ar an gComhchreat Eorpach. Tá eolas faoi na leibhéil éagsúla ar an gComhchreat le fáil ag an nasc seo: Microsoft Word - Self-assessment grid.doc

Cuspóirí an chúrsa

  • Léargas a thabhairt do na rannpháirtithe ar éagsúlacht shaol na Gaeilge idir theanga, litríocht, oidhreacht agus chultúr. 
  • Tuiscint a chothú agus muinín a spreagadh iontu maidir le húsáid na Gaeilge idir labhairt agus scríobh.
  • Deiseanna a chruthú dóibh  sásamh pearsanta a bhaint as a bheith ag sealbhú, ag saibhriú agus ag buanú a gcuid Gaeilge i gceartlár na Gaeltachta.

An Cur Chuige Teagaisc
Baintear úsáid as an gcur chuige cumarsáideach sna ranganna agus tugtar tús áite do riachtanas teanga na rannpháirtithe.

Samplaí d’imeachtaí seach-churaclaim – ní gá go mbeadh gach ceann acu seo ar siúl le linn an chúrsa

  • Turas oidhreachta 
  • Tráth na gCeisteanna Boird 
  • Damhsa Seit/Céilí 
  • Siúlóid Dúlra
  • Tóraíocht Taisce
  • Ceardlann Amhránaíochta